Congregation of the Sisters of Mercy

Congregation of the Sisters of Mercy

Congregation of the Sisters of Mercy

News

Oireachtas Na Gaeilge Literary Competitions 2014

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2014

(English version below)

Is iad Comórtais Liteartha an Oireachtais na cinn is mó le rá do scríbhneoirí Gaeilge. Tá gach seánra san áireamh i gcúig chatagóir déag mar atá ficsean, gearrscéalta, scríobh amhrán, saothar creidimh agus iriseoireacht. I measc na mbuaiteoirí i mbliana bhí Liam Mac Cóil a bhuaigh an chéad duais sa chatagóir finscéal ginearálta le I dTír Strainséartha agus bhuaigh Mícheál Ó Ruairc duais don chnuasach filíochta ab fhearr leis an leabhar Dambatheanga. Bhuaigh an scríbhneoir cáiliúil Mícheál Ó Conghaile an duais ficsean do dhaoine óga 13 bliana go 15 bliana leis an saothar An Diabhal ar an Ól.

I mbliana bhuaigh an tSiúr Eibhlín Ní Challanáin, An Tulach, Co an Chláir, an chéad duais sa chatagóir Saothar Creidimh dá leabhar Seal i Láthair Dé. Sa chomórtas áirithe seo d’fhéadfadh an saothar bheith ina leabhar nó ina shraith aistí ar ghné ar bith den chreidimh a bhaineann leis an gcultúr Críostaí, leis an bhfealsúnacht, nó le diagacht Chríostaí, beathaisnéis, nó leabhar staire nach bhfuil foilsithe cheana féin.

Is éard atá i Seal i Láthair Dé ná cnuasach de bhlúiríní diaga, d’ábhair a bheadh oiriúnach do dhaoine ar mhaith leo machnamh a dhéanamh ar nithe spioradálta ina n-aonar nó i ngrúpaí. D’fhéadfadh séiplínigh scoile, múinteoirí agus daltaí Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí feidhm a bhaint astu le linn ócáidí spioradálta chomh maith. Mar is léir ón teideal tugtar cuireadh don léitheoir seal a chaitheamh i láthair Dé. Foilseofar an leabhar roimh 2016. Mar is eol do dhaoine i gceantar na hInse, Co. an Chláir scríobhann Sr. Eibhlín smaointe dhátheangach ar a dtugtar Sr. Eileen’s Cúinne do nuachtlitir eaglaise an pharóiste. “Is fiú aon saothar a thugann tacaíocht do shaol spioradálta an duine agus dár dteanga” a deir sí.

Liam Ó Maolaodha agus An tSiúr Eibhlín Ní Challanáin
(Photo courtesy of Mike Shaughnessy, Photographer)

“Bliain i ndiaidh bliana is mór an t-ionadh dúinn ardchaighdeán na n-iontrálacha I gComórtais Liteartha an Oireachtais agus is amhlaidh atá i mbliana” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Tá scríbhneoirí den chéad scoth ag scríobh i nGaeilge agus tugann na gradaim seo deis dúinn na scríbhneoirí sin a aithint. Is cúis áthais dúinn tacaíocht ar bhonn leanúnach a tabhairt do na comórtais seo” a deir sé.

Bhí scríbhneoirí óga ó gach aird na tíre i láthair freisin ag an searmanas bronnta i bPáirc an Chróchaigh ag fáil duaiseanna sna Comórtais Liteartha do Dhaoine Óga.

Tá Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge, atá 117 bliain ar an bhfód, ar na gradaim is cáiliúla do shaothair liteartha sa tír seo. I measc na mbuaiteoirí sna blianta atá thart, tá roinnt de na húdair is cáiliúla in Éirinn, san áireamh, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill.

Máire Ní Chonaill rsm

Oireachtas na Gaeilge Literary Competitions 2014

The annual Oireachtas na Gaeilge Literary Competitions are the most esteemed awards for Irish language writers. All genres of Irish language literature are featured with over 15 categories including fiction, short stories, song writing, religious works and journalism. Amongst the winners this year was Liam Mac Cóil who won first prize in the general fiction novel category with I dTír Strainséartha and Mícheál Ó’Ruairc who won a prize for best poetry compilation with Dambatheanga, and the well-known writer Mícheál Ó Conghaile scooped first place in the fiction for young people (13 – 15) category with An Diabhal ar an Ól.

This year Sr. Eibhlín Ní Challanáin, from Tulla, Co Clare, scooped joint first place in the religious work section with Seal i Láthair Dé. The work could be a book or a collection of essays on an aspect of Christian culture, literature, theology or philosophy, or a biography or history book, not yet published on one of these subjects. Seal I Láthair Dé is a collection of spiritual reflections, meditations, and traditional prayers, suitable for individual prayer or for use by prayer groups and schools. As the title suggests, the reader is invited to spend some time in the presence of God. The book will be published before 2016. People living in the Ennis area are already familiar with Sr. Eileen’s Cúinne, a bilingual reflection which is published weekly in the parish newsletter. Deir Sr. Eileen, ‘Is fiú aon saothar a chuireann an spioradáltachta agus an teanga chun cinn’. (Sr. Eileen says ‘Any effort for the promotion of spirituality and of the language is worthwhile’).

“Year after year, we’re surprised by the high standard of entries to the Oireachtas Literary Competitions, and this year was no different,” says Liam Ó Maolaodha, Director of Oireachtas na Gaeilge. “There are excellent writers producing work in Irish and these awards give us an opportunity to celebrate those writers. We’re delighted to continue to support the competitions,” he said.

Young writers from around the country were also present at the awards ceremony in Croke Park to accept prizes in the young people’s categories.

The Oireachtas na Gaeilge Literary Competitions, in their 117th year, are the most prestigious Irish language literary competitions in the country. Previous winners include some of Ireland’s most celebrated authors including Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain and Nuala Ní Dhomhnaill.

Mary O’Connell rsm
South Central Province